|
I dtimpeall 1980 a chuireamar tús leis an fheachtas seo, cnuasach iomlán a dhéanamh de na Trí Rainn agus Amhrán, ina mbeadh eagrán de gach sampla dá maireann de dhánta ar an fhoirmle sin. Chuamar i gceann oibre gan mhoill, ag cruinniú samplaí agus ag cuartú catalóga na lámhscríbhinní, agus ag iarraidh taca airgid. Fuaireamar deontaisí fiala ó The Carnegie Trust for the Universities of Scotland agus ón British Academy, agus chuamar ansin a thaisteal na hÉireann is na Breataine, ag léamh na lámhscríbhinní agus ag fail cóipeanna astu.
Bhí sé i gceist ón tús againn toradh an tsaothair a chur amach ina leabhar, agus luíomar isteach ar taighde a dhéanamh ar na téacsanna, agus comhairle agus eolas ar phointí léinn a iarraidh ar chairde agus ar eolaithe i ngach áit. Táimid go mór faoi chomaoin ag mórán, agus ina measc T.J. Barron, Achadh an Iúir, Co. an Chabháin; an Dr Meg Bateman, Sabhal Mòr Ostaig; an Dr Alan Bruford, nach maireann, Dún Éideann; an Dr Pádraig de Brún (ar leis LS 99); an Dr Kenneth Nilsen, Roinn na Ceiltis, St Francis Xavier University, Antigonish; Cathal Ó Baoill, An Caisleán Nua, Co. an Dúin; an tOllamh Brian Ó Cuív; Helen O’Sullivan, Londain; agus go háirithe ag an Ollamh Dòmhnall MacAmhlaigh, ceann Roinne na Ceiltise in Ollscoil Obar Dheathain nuair a bhíomar i mbun na hoibre, agus an Dr Diarmaid Ó Doibhlin, Cúil Raithin, a d’aimsigh don saol agus dúinne lámhscríbhinní 149 agus 150. Bheirimid ár mbuíochas croí fosta do choimeádaithe na lámhscríbhinní sna leabharlanna uile (faic Lámhscríbhinní).
Chuireamar alt nó dhó i gcló cheana féin anseo agus ansiúd ina raibh fios agus barúlacha fá dtaobh den Trí Rainn agus Amhrán, ach b’fhéidir nárbh iontas ar bith é, agus an t-ábhar chomh trom scolártha, gur theip orainn faoi dheireadh foilsitheoir a fháil don leabhar. Bhí sé d’ádh orainn teagmháil le Pól Ó Muirí, a chuir an chuid is mó de na dánta i gcló ina leabhar beag tríd an Lagan Press (Ó Baoill agus Ó Dochartaigh 1996); ach níl ansin ach an fhilíocht féin, gan toradh eile ar an taighde a rinneamar. Ba é Richard Cox fuascailt na faidhbe dúinn i ndeireadh na dála in 2005, nuair a thairg sé dúinn an saothar a fhoilsiú mar shuíomh gréasáin faoi ainm Clann Tuirc: is dósan dá bharr sin a bheirimid an buíochas is mó.
|